Is mise Gabhán Ó Fachtna. Rugadh in Albain mé, ach tá cónaí orm i dTuaisceart Éireann le fada an lá. Cuirim spéis in éagsúlacht teanga agus sa teangeolaíocht go ginearálta. Bhain mo dhochtúireacht le polasaí teanga i leith Albainis Uladh, an chanúint a labhraítear ar chósta Uladh. Tacaím leis an Ghaeilge trí leanbh a thógáil leis an teanga, agus tá mé i mo bhall de Chumann Gaelach Ard Mhic Nasca. Scríobhaim corr-rud ó am go ham fosta. Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as mo shuíomh Idirlín.
Is féidir dul i dteagmháil liom ag mail@haurdbyavalon.org.