Coiscéim 2008, 159 leathanach.
"Scéalta ar ardchaighdeán", a dúirt moltóir an Oireachtais, agus an chéad duais i gcomórtas na gearrscéalaíochta á bronnadh ar an leabhar seo. "Bailiúchán an-suimiúil", a dúradh, agus ní raibh bréag ar bith ansin. Sa dara cnuasach seo uaidh, tugann Gabhán Ó Fachtna léargas úrnua ar an chathair ghríobháin arb é Béal Feirste an lae inniu. Ar éigean má tá an cumasc aisteach cultúir, reiligiúin is polaitíochta atá le fáil sa tuaisceart iar-choimhlinte á chíoradh chomh grinn céanna ag aon scríbhneoir eile faoi láthair. Bainfidh cuid dá bhfuil anseo gáire as léitheoirí, agus cuirfidh cuid eile gruaim orthu. Níl aon amhras, áfach, ach go bhfanfaidh na scéalta seo ina n-intinn.
Ceannaigh ó cuplafocal.ie
Drei von den Kurzgeschichten aus dieser Sammlung habe ich zusammen mit meiner Frau ins Deutsche uebersetzt.