Coiscéim 2010, 190 leathanach.
Agus muintir thuaisceart na hÉireann ag fáil réidh le cuid mhaith de mhallacht an ama atá caite, ní thig leis na pearsana sna scéalta seo gach aon ghné di a chur díobh. Téann siad i ngleic le gnáthdhúshláin an tsaoil i gcónaí, cé go bhfuil taibhsí ag siúl ina measc. Sochaí chasta chontráilte an toradh, nach leor ceann ar bith de na hinsintí simplí ó aon taobh le cur síos uirthi. Tarraingítear pictiúir ildaite den tírdhreach seo — an greann chomh maith leis an ghruaim — sa chnuasach cumhachtach seo ó dhuine de na gearrscéalaithe is spéisiúla atá ag scríobh i nGaeilge.